Quick Link
Home
English
TIONSCNAMH DHUN LAOGHAIRE UM DHIDEANAITHE
Uimhir Chanach 960123OU/CHY14507

ríomhphost:dunlaoghairerefugee@ireland.com

Tionscnamh Dhún Laoghaire um Dhídeanaithe (TDD) - Mar gheall orainn

An TDD - Cé hiad na Comhaltaí agus Céard í a bhFís? Is conlán muid de dhaoine as Dún Laoghaire nó faoi gcuairt ar mian leo cuidiú le dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn - go speisialta leis an aos óg in a measc sin. Siad oideachas agus an traenáil na réimsí dár dtugann muid an phríomh-thábhacht. Nil aon oifig sheasta againn agus ní fhostaíonn muid aon lucht oibre íoctha. Is oibreoirí deonacha muid uile.

Céard is comhphobal tearmainn ann? Cuimsíonn an comhphobal tearmainn daoine:
-atá ag fanacht le cinneadh ar a n-iarratais le haghaidh tearmainn (iarrthóirí tearmainn);
-a dhearbhaigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí gur dídeanaithe iad (dearbhú stádais dídeanaí);
-a dhearbhaigh an tAire nach dídeanaithe iad agus a rinne iarratas don Aire ar chead chun fanacht in Éirinn ar fhorais dhaonchairdiúla;
-atá ag fanacht le cinniúint ar iarratas ar chead chun fanacht ar fhorais dhaonchairdiúla. Na daoine óga seo, fir agus mná, is ó thíortha éagsúla sa domhain a thagann siad, tíortha scrúdta, céasta go háirithe san Afraic, mar an tSomáil, Congo, Ruanda 7 eile.

Cá huair agus Tuige ar Tionscnaíodh an TDD?Cuireadh tús linn i Meitheamh, 2001, nuair a tháinig na céad chomhaltaí le chéile i nDún Laoghaire agus nuair a chinneadar ar Chomhaltas agus Iontaobhas a chur ar bun. Ag an tráth sin, bhí dhá theach iostais i nDún Laoghaire (Iostas na Sean-Scoile agus Iostas Chuas an Ghainimh). In a dhiaidh sin, osclaíodh tithe iostais i Cill Iníon Léine agus ag an mBaile Nua, Dun Laoghaire.

Cé leo a bhfuil muid ag plé? Suas go dtí tús 2006, dhíríomar aird go príomha ar na hiarratasóirí tearmainn ar réitíodh lóistín dóibh i gceantar Dhún Laoghaire/Cill Iníon Léinín agus ina measc sin bhí líon mór páistí scartha (déagóirí faoi 18 mbliana) gan tuismitheoirí gan choimeádaithe, a nglaoitear ortha, freisin, 'mionaoisigh gan tionlacan'. Thug muid tábhacht láithreach bonn do chead isteach do na páistí sin sna scoileanna i mór-cheantar Dhún Laoghaire, agus ba mhór an éadáil dúinn iar-phríomh mhúinteoir amháin agus beirt mhúinteoirí meán-scoile a bheith i measc ár lucht cúnta. Tar éis 18 a bhaint amach dóibh, aistrítí na daoine óga seo go tithe iostais sa Chathair. Go luath i dtosach 2006, sé an chaoi nach raibh aon teach iostais fágtha i gceantar Dhún Laoghaire. Maidir leis na daoine óga seo (ar "gcéimithe") atá tar éis 18 mbliana a bhaint amach ("thar an aois") cónaíonn siad anois i gceantair eile ach fanann siad i dteagmháil linn agus tacaíonn muid leo.

Láthair "Bhuail Isteach": Chuir an TDD Láthair "Bhuail Isteach" ar bun i Meitheamh 2005, a bhuíochas ar Lar-Ionad Traenála Phobail Dhún Laoghaire (LITPDL). Bíonn sé sin ar siúil gach oíche Dé Luain ón am sin i leith. De bharr na Lathrach is féidir caidreamh a chothú go rialta leis na "céimithe" óga, cláir chúnaimh (mar shampla clár tábhachtach an oideachais agus na traenála) a reáchtáil agus a mhaoiniú, agallaimh ina nduine is ina nduine a eagrú le hiarratasóirí tearmainn aonair atá ag iarraidh comhairle, dul i mbun ghnáth-ghnó na seachtaine (riarachán na gclár, cúrsaí cuntais 7rl) agus tacaíocht a thabhairt do chonlán de iarratasóirí tearmainn óga - Grúpa PLUS ("Lig dúinn fanacht le bhur dtoil") - atá tar éis fanacht le tamall an-fhada gan aon chinneadh ar a n-iarratais ar chead chun fanacht.

Cúrsaí Dlí agus Cánach:Cuimsíonn an TDD Iontaobhas (Gníomhas Iontaobhais) agus Comhlacht (Bunreacht). Tá stádas corpartha ag an Iontaobhas ("Scéim Chorpraithe faoin Acht Carthanas 1973") agus díolúine chánach (Uimh. CHY14507). Is "carthanas i dteideal" é le haghaidh deontas airgid.

Lucht Cúnaimh 7 Síntiúis: Fhaid bhéas dídeanaithe ann, beidh lucht cúnaimh deonach agus airgead ag teastáil. Cuidigh linn le do thoil!

copyright @ Dunlaoghaire Refugee Project
Designed By: Adams & Liz Software & Engineering company