Quick Link
P + L + U + S - Feachtas
English

Feachtas PLUS (Lig Dúinn Fanacht led thoil)

ar son ógánach ag iarraidh tearmainn mionlaigh a tháinig go hÉirinn agus iad ina ndéagóirí roimh an mbliain 2005 agus ina dhiaidh sin a bhain 18 mbliana d'aois amach - agus mar sin aicmíodh iad mar dhaoine fásta, sé sin "mhionaoisigh thar an aois" - atá ag feitheamh i gcónaí le cinneadh ar a gcuid iarratas ar "chead chun fanacht ar fhorais dhaonchairdiúla"

Tá an TDD at tabhairt tacaíochta do chonlán sách beag de dhaoine óga atá ag iarraidh tearmainn (mionlaigh gan tionlacan agus iad neamhphósta) a achainigh i 2005"chead chun fanacht ar fhorais dhaonchairdiúla" ar an Aire Dlí agus Cirt.

Nuair a bhain na daoine óga seo Eire amach i dtosach, is thart ar 16 bliana d'aois nó ní b'óige a bhí an chuid is mó acu. Ar an ábhar sin, is léir gur chaith siad sciar tábhachtach agus bunúsach de bhlianta a n-óige sa tír seo. Diúltaíodh stádas dídeanaí a bhronnadh orthu. Dá thoisc sin, d'achainigh siad ar an Aire "cead chun fanacht ar fhorais daonchairdiúla". Sé an chaoi, anois, é go bhfuil cuid seanchaite acu ag fanacht -cúig bliana fada nó níos mó i gcásanna áirithe- le cinneadh ar a n-iarratais sin.

Dá gcuirfí na daoine óga sin thar ais go hionaid uirbeacha mhóra ar nós Conakry (Guinea), Freetown (Sierra Leone), Harare (an tSiombáib), Kinshasa (Congo), Kigali (Ruanda), Lagos (an Nigéir), Luanda (Angola), Mogadishu (an tSomáil), áiteanna mar a bhfuil an saol crua agus dainséarach as cuimse, ba mhór an drochíde agus an cruatan dóibh é. Mar sin, tá siad ag iarraidh cead chun fanacht in Éirinn. Ba mhór leo dul ar aghaidh lena gcuid oideachais, páirt thathagach a ghlacadh i bhforbairt gheilleagrach na tire de bharr a gcuid scileanna agus a ndíograis, agus an ceart a bheith ag gach uile duine acu saol pearsanta a fhothú mar ba chóir. Meastar gur cosúil nach dtéann áireamh na n-ógánach sin thar 250 duine san iomlán.

Tá téacs fheachtas PLUS, a cuireadh i dtoll a chéile i mí Lúnasa 2005, ar fáil ar Leigh a thuilleadh Read More.

Eagraíochta a thugann Tacaíocht do Fheachtas P+L+U+S

Association of Community & Comprehensive Schools (ACCS)/Comhaltas na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha (CSPC)

Ollscoil Chathair Átha Cliath

Calypso Products/Táirgí Calypso

Children’s Rights Alliance/Comhaontas Ceart na Leanbh

Church and Society Committee of the Presbyterian Church in Ireland/Coiste - Eaglais agus Pobal - de chuid Eaglais Phreispitéireach na hÉireann

Church of Ireland Board of Social Responsibility/Bord Freagrachta Sóisialta de chuid Eaglais na hEireann (P na hE)

Church Mission Society of Ireland/Cumann na Misean in Éirinn

Community Links Integration Project, Jesuit Refugee Service (Ireland)/Seirbhís na nÍosánach um Dhídeanaithe (Éire)

Discovery Gospel Choir/Cór Fhionnachtain an tSoiscéil

Dominican Justice Office/Oifig Dhoiminiceach um Cheartas

DORAS Luimnigh

Dublin Central Mission/Misean Lárnach Áth Cliath

Dun Laoghaire Refugee Project/ Tionscnamh Dhún Laoghaire Um Dhídeanaithe

Integrating Ireland/Inmheascú Éireann

Irish Refugee Council/Comhairle na hÉireann um Teifigh

Justice Commission, Irish Missionary Union/Coimisiún Ceartais, Aontacht Mhisinéirí Éireann

Margaret Aylward Community College, Dublin 9/Coláiste Pobail Margaret Aylward

Mercy Refugee Network/Obair Líonra Siúracha na Trócaire

Methodist Council on Social Responsibility/Comhairle Mhodhach um Fhreagracht Phobail

National Parents Council/Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí

National Youth Council of Ireland (NYCI)/Comhairle um Leas Óige na hÉireann

One World Society, Trinity College Dublin/Cumann Aon Domhain, Coláiste na Tríonóide

Parents Association of Community and Comprehensive Schools/Comhaltas Thuismitheoirí na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheach

Presentation Justice Office/Oifig Cheartais Siúracha na Toirbirte

PLUS Palmerstown/PLUS Bhaile na bPalmairí

The Rainbow Neighbourhood Project, Rialto/Tionscnamh an Bhogha Bháistí, Rialto

Refugee and Migrant Project of the Irish Bishops Conference/Tionscnamh na nDídeanaithe agus na n-Inimirceach de chuid Chomhaltas Easpag Éireann

Teachers Union of Ireland/Aontas Mhúinteoirí na hÉireann

Trinity College Dublin Students Union/Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide

Vincentian Refugee Centre/Lárionad Dídeanaithe na nUinseannach

copyright © Dunlaoghaire Refugee Project
Designed By: Adams & Liz Software & Engineering company