Quick Link
BA MHAITH LIOM BHEITH I MO SHAORÁLAÍ - OBAIR SHAORÁLACH LEIS AN TDD
English

BA MHAITH LIOM BHEITH I MO SHAORÁLAÍ OBAIR SHAORÁLACH LEIS AN TDD


Is saorálaithe iad uile baill Chomhaltas TDD, sé sin oibrithe saorálacha, ach de réir an Bhunreachta (Alt. 14.5) dealaítear idir baill an Choiste agus “saorálacha, nach baill iad den Choiste ach a bhfuil a n-ainmneacha inscríobha ar chlár na saorálaithe” agus a dtugtar “gnáth-bhaill an Chomhaltais” ortha. Tráchtann Alt. 14 den Bhunreacht, go ginearálta, ar a leithéidí de Shaorálacha.

Is fíorluachmhar ar fad an t-éacht oibre a rinne na gnáth-bhaill (saorálaithe) ar son na ndídeanaithe agus na n-iarrthóirí tearmainn sna tithe iostais i mór-cheantar Dhún Laoghaire i rith na chéad cúig bliana ó chuaigh muid i gcionn oibre i dtús. I measc na saorálaithe sin, bhí daoine – agus an mhórchuid dóibh ina gcónaí i gceantar Dhún Laoghaire – a bhí in ann a gcuid scileanna a thairiscint: eolas ar theangacha eachtrannacha, dlíodóireacht, cleachtas ar oideachas agus traenáil, scileanna leighis nó míochaine, cleachtas ar leas sóisialta, iar-chleachtas sna tíortha i mbéal forbartha, cleachtas ar leas óige, cúrsaí gnó, riarachán agus cuntasóireacht, airgead a bhailiú, agus tallanna nó cleachtais ar dhóigheanna éagsúlacha eile a bhí fíor thábhachtach ar mhaithe le obair rathúil an TDD.

Mar a nochtainn céad tuarascáil an TDD, cinneadh ar Chód Iompair Saorálaithe go luath tar éis an TDD a bhunú, nuair ab iad na hiarrthóirí tearmainn a raibh cónaí acu sna tithe iostais ba mhó ba chúram dúinn. I measc fhorálacha an Chóid sin, leagadh sios Beartas Deiseanna Comhionanna

De thoisc dhúnadh na dtithe iostais i nDún Laoghaire is éard a tharla gur tháinig athrú ar an gcineál oibre a bhfuil gá léi agus, dá dhroim sin, laghdaíodh go mór ar líon na saorálaithe a bhí agus atá ag teastáil. Faoi láthair, níl an TDD ag earcú saorálaithe nua.

Má thagann athrú ar an scéal, cuirfidh muid é sin le fios ar an suíomh gréasáin seo maille le heolas ar na scileanna nó cleachtais is mó a bheadh úsáideach don TDD agus don ár gcairde sa phobal tearmainn agus cuirfidh múid foirm iarratais ar fail lena líonadh.

copyright © Dunlaoghaire Refugee Project
Designed By: Adams & Liz Software & Engineering company